An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.
Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,
agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael - ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád.
Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.