Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 5:9

An Bíobla Naofa 1981

Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael, Agus don mhuintir a sheas an fód go calma. Molaigí an Tiarna dá bharrsan!

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.

faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma.

Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.

Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim.

Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.

Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,

Ní hé amháin gur aontaigh sé le m'achainíse ach bhí sé chomh díograiseach sin go ndeachaigh sé ag triall oraibh dá dheoin féin.

Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.

Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaoth Agus tháinig an pobal i láthair le flosc. Molaigí an Tiarna dá bharrsan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí