Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 5:4

An Bíobla Naofa 1981

A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,

Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire - tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.

Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir.

Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé - i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.

Thug na huiscí dá n‑aire thú, a Dhia; Thug siad dá n‑aire thú agus ghlac siad eagla, agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle.

Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas; bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach; agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.

Is fada nach beo dúinn faoi do réir, ionann agus nárbh é d'ainmse atá orainn.

Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.

Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.

An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí