Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 5:10

An Bíobla Naofa 1981

A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh; insígí a éachtaí go léir.

Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail; déanaidís a mhóradh i seanad na sean.

Canfaidh siad glóir-réim do ríochta; agus foilseoidh siad uile do chumhacht,

Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta; agus inseofar d'éachtaí iontacha.

anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.

Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.

Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí