Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 4:21

An Bíobla Naofa 1981

Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d'éag sé.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Mar tá scríofa: “Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní; cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.”

Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.

Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.

Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.

Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d'fhuascail seisean Iosrael freisin.

Ansin dúirt sé léi: “Seas ag béal na botha agus má thagann aon duine agus ceist a chur ort: ‘An bhfuil aon duine anseo?’ abair: ‘Níl.’ ”

Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.” Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn.

“Rachaidh mé leat, más ea,” ar sí, “ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.” Ansin d'éirigh Deabórá ina seasamh agus d'imigh go Ceidis i dteannta Bhárác.

Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí