Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 4:16

An Bíobla Naofa 1981

Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Go scriostar na peacaigh as an talamh; agus go dté na hurchóidigh ar ceal. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!

Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;

Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo; a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah

Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán.

a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:

Gach duine dá ndearna peaca gan bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air.

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.

Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.

Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.

Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí