Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 3:9

An Bíobla Naofa 1981

Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu, i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d'fhuascail iad ó lámha a naimhde.

Ionatsa a chuir ár n‑aithreacha a ndóchas: bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.

Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.

Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.

Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i d'aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.”

Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta.

Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián,

Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí