Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe.
Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.
Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.
Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.
A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].
Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.
San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim.
Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.
Níor thug ár n‑aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d'éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.
“Bí ar d'aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu.
Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.
rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.
Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: “Faigh gamhain ramhar d'athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d'athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi.
Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”
Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.