Breithiúna 3:3An Bíobla Naofa 1981cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát. Féach an chaibidil |
An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.
D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].