Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.
Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d'fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. “Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,” ar siad leo féin, “atá sé.”
(Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t‑óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh.