As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.
Dúirt Samúéil: “Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.” Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.
Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.