Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag.
Thug sé faoi smacht na náisiún iad, agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.
Beidh crainn ológ agat ar fud do chríoch, ach ní dhéanfaidh tú thú féin a ungadh le hola, óir gearrfar anuas do chrainn ológ.
Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.
Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.