Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].
Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
Tá taoisigh Eafráim sa ghleann; Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí. Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.