rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.
An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.
An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.
Nuair a d'fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d'fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n‑aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht.
Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.