Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.”
Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.