Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d'fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?
Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.
Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha.
Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: “Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?”
Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”