Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 21:14

An Bíobla Naofa 1981

D'fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean.

Ach d'éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d'fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí.

Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán.

Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon.

Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael.

Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”

Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí