Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 21:1

An Bíobla Naofa 1981

Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.

Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”

Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír.

Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”

Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.

Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.

Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.

toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d'Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.”

D'fhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus d'imir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine.

D'éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.

Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”

Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”

Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.

Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”

Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí