Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:9

An Bíobla Naofa 1981

Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh;

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.

Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.

Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: “Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.” Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.

Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.

Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d'Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.”

D'éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí