Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:46

An Bíobla Naofa 1981

Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d'fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d'fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir.

Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).

Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.

Ach d'éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d'fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí.

D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí