Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:45

An Bíobla Naofa 1981

Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.

Labáót, Silchím, Aín, agus Rimeon.

Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile.

Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d'fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile.

Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí