Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:3

An Bíobla Naofa 1981

(Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: “Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.

ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh.

Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: “Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc?

Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.

D'fhreagair an Léivíteach, fear na mná a maraíodh, agus dúirt leo: “Tháinig mé féin agus mo bhean luí go Gibeá, a bhaineann le Biniáimin, chun an oíche a chaitheamh ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí