Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:21

An Bíobla Naofa 1981

Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Faolchú craosach é Biniáimin; alpann sé a chreach ar maidin, agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”

Agus anois tá sé mar sprioc agaibh cuing na daoirseachta a chur ar mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim, idir fhir agus mhná. Nach bhfuil peacaí do bhur gcuid féin oraibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia?

Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé.

Thug sé a phobal féin don chlaíomh le teann feirge in aghaidh a oidhreachta.

Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?

“Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc.

Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá.

D'imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d'fhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.”

ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí