Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.
“Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.
Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).
Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.