Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 20:13

An Bíobla Naofa 1981

Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, d'fhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t‑olc a dhíbirt as Iosrael.” Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”

An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh, nach mbailítear choíche le láimh duine:

Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.

Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.

Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?

Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.

Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.

Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”

Cén cumann atá ag Críost le Beiliar? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?

go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol daoibh),

Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.

“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.

Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t‑olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.

ní foláir duit an íde a b'áil leis a thabhairt ar a bhráthair a thabhairt air féin. Díbir an choir seo ó bhur measc.

Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.

ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad - an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.

Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”

Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: “Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc?

Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael.

Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n‑athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.

Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d'imigh amach le Dáiví, dúradar: “Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d'fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí