Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 2:9

An Bíobla Naofa 1981

Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

B'shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún.

Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti.

Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.

Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.

Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”

D'éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d'aois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí