Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.
Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.
Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd.
Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.