Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 2:5

An Bíobla Naofa 1981

Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.

Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.

Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d'ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích.

Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.

Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.

Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.

Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.

Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí