Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 2:22

An Bíobla Naofa 1981

Ba d'fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.

Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.

Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.

Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.

ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n‑aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n‑anam go hiomlán.

a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.

Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.

Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí