an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot.
Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu, i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d'fhuascail iad ó lámha a naimhde.
Tar éis Aibímeilic, d'éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim.
Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.
Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.