Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 2:10

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.

Mhair Ísmeáél céad agus a tríocha seacht mbliana. Ansin chuaigh sé in éag, tháinig an bás air, agus cruinníodh chun a mhuintire é.

Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é.

Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.

Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!

Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile.

Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.

Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”

Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.

Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.

Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

go bhfágfaidh mé mo phobal, go n‑imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha.

Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.

Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.

Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.

Sa deireadh, fuair an bhean féin bás.

Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d'imigh meathlú air.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.

Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.

Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.

Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.

Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí