Breithiúna 19:8An Bíobla Naofa 1981An cúigiú maidin, d'éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus d'itheadar araon le chéile. Féach an chaibidil |
Nuair a d'éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.”