Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 19:5

An Bíobla Naofa 1981

Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.” “Déan mar a deir tú,” ar siad.

Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.

Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.

Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. D'fhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc.

Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, d'iallach air fanacht fairis, agus d'fhan fairis trí lá; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar an oíche ann.

An cúigiú maidin, d'éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus d'itheadar araon le chéile.

Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí