Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.
Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”