Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 19:2

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig taom feirge uirthi leis agus d'imigh sí léi go teach a hathar i mBeithil in Iúdá agus d'fhan ann timpeall ceithre mhí.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh.

Má thruaillíonn iníon sagairt ar bith í féin le striapachas, truaillíonn sí a hathair agus ní foláir í a loscadh le tine.

ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

San am sin nuair nach raibh aon rí in Iosrael, bhí Léivíteach ag cur faoi in áit iargúlta in ardáin Eafráim. Ghlac sé bean luí chuige as Beithil in Iúdá.

Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí