Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 19:18

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair seisean é: “Táimid ar an mbóthar ó Bheithil in Iúdá go hiargúl ardáin Eafráim, áit arb as dom. Chuas go Beithil in Iúdá, agus anois táim ag filleadh abhaile; ach níor thug aon duine cuireadh chun a thí dom,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh ná m'anam le lucht doirte fola;

Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.

Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.

Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

An íomhá ghreanta a rinne Míceá chuireadar i scrín dóibh féin í agus d'fhan sí ansiúd fad a bhí teach Dé i Sileo.

D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”

cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.”

Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”

Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”

Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.

Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí