Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 19:11

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhíodar i ngiorracht do Iabús bhí sé anonn go maith sa lá agus dúirt an giolla lena mháistir: “Téanam, casaimis i leataobh anois agus téimis isteach i gcathair seo na Iabúsach, agus caithimis an oíche inti.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,

Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)

agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,

Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.

Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.

Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; d'éirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis.

Dúirt a mháistir leis: “Ní chasfaimid i leataobh isteach i gcathair choimhthíoch, daoine nach mbaineann le pobal Iosrael, ach ar aghaidh linn go Gibeá.”

cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí