Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 18:7

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm.

Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.

fuair siad féarach breá méith ansiúd; bhí fairsinge ann, é socair síochánta. Bhí sliocht Hám ina gcónaí ann rompu.

“Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh, atá beo go muiníneach - an Tiarna a labhraíonn - nach bhfuil geataí acu ná barraí, a chónaíonn san uaigneas!

Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh

Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.

más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.

De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’

Thugadar Dán ar an gcathair, i gcuimhne Dhán a n‑athair, mac a rugadh d'Iosrael, fág gur Láis a thugtaí ar dtús ar an gcathair.

Dúirt an sagart leo: “Imígí faoi shíocháin; tá súil an Tiarna oraibh ar an turas seo.”

D'fhilleadar ansin ar a ngaolta i Zorá agus in Eisteáól, agus nuair a d'fhiafraíodarsan díobh: “Cén tuairisc atá agaibh?”

Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí