Breithiúna 17:2An Bíobla Naofa 1981Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin - Féach an chaibidil |
fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t‑airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh - tá an t‑airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D'fhreagair a mháthair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Míceáhú an t‑aon chéad déag seicil ar ais di.
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’