Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 17:12

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d'fhan sé ina theach.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad.

agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: “Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé.

Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.

D'aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t‑ógánach aige mar mhac leis féin.

Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht.

D'fhreagair sé: “Rinne Míceá a leithéid seo dom. Tugann sé tuarastal dom agus is sagart aige mé.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí