Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 17:1

An Bíobla Naofa 1981

In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim;

Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).

Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,

Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.

Tar éis Aibímeilic, d'éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim.

Tháinig a bhráithre agus muintir uile a athar anuas agus thugadar leo é. Thugadar aníos é agus chuireadar é idir Zorá agus Eisteáól i dtuama Mhánóach, a athair. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh fiche bliain.

Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin -

Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá.

Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: “Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!” Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann.

Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí