Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 16:4

An Bíobla Naofa 1981

Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d'iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh,

Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.

Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.

Cuithe domhain an striapach, agus tobar cúng í an bhean dheoranta.

Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag an t‑amadán a fhilleann ar a bhaois.

Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd.

D'fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d'éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d'ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d'fhág ansin iad].

Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí