Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 15:7

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Samsón leo: “Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”

Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n‑éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. D'fhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air.

Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.

“Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.

Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí