Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 15:4

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.

An dream atá ar tí m'anama chun a scriosta, rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.

Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine saigheada agus bás,

Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth.

agus déarfaidh tú leis: Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla; ná bíodh do chroí anbhann, de bharr an dá ghal soip úd,

toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.

Dúirt Samsón leo: “Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.”

Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí