Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 14:16

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chrom bean Shamsón ar na deora a shileadh ina láthair a rá: “Ní grá atá agat dom ar ndóigh, ach fuath. Chuir tú tomhas chun mo mhuintire, ach níor bhac tú fiú leis an bhfreagra a insint dom.” Agus dúirt sé léi: “Féach, níor inis mé é fiú do m'athair ná do mo mháthair, agus an amhlaidh a d'inseoinn duitse é?”

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.

Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d'inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d'inis sise freagra an tomhais dá muintir.

Dúirt Dilíleá leis: “Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.”

Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí