Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 13:8

An Bíobla Naofa 1981

Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”

Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”

D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.

Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: “Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac).

D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.

Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”

D'éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí