Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 13:7

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir d'ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.

Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir agus Naizírigh as bhur macra. Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael? a deir an Tiarna.

“Abair le clann Iosrael: Más mian le fear nó le bean móid a thabhairt, móid an naizírigh, is é sin, trína gcuirtear duine ar leith don Tiarna,

Bí ar d'aire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan,

D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.

Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí