Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 13:6

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.

Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”

“Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D'fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”

“Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”

Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne.

Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d'fhéach sé agus b'shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.

“Is mise,” ar sé ansin, “Dia d'athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.

Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.

Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.

Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.

Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.

Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.

Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.

Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;

Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.”

Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.”

Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: “Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac).

Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”

Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.”

Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d'fhonn í a cheilt ar Mhidián,

Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: “Deir an Tiarna: ‘Nár nocht mé mé féin do theaghlach d'athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?

D'fhreagair seisean: “Féach, tá giolla Dé sa chathair seo, agus is duine é atá faoi dhea-cháil; tagann gach a ndeir sí i gcrích. Téimis ansiúd, más ea, agus b'fhéidir go mbeidh ar a chumas sinn a threorú san aistear atá romhainn.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí