Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 13:5

An Bíobla Naofa 1981

mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad, agus bhain sé [smacht ar an bpríomhchathair] de na Filistínigh.

Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach.

Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir agus Naizírigh as bhur macra. Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael? a deir an Tiarna.

Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.

Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”

Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí