Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 13:12

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”

Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m'anam.

Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó; agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.

Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.

D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.

Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí